De réir FGB tá fisiciúil ina leagan malartach de fisiceach. Bíodh sin mar atá, tá claonadh láidir ann inniu an focal fisicúil a úsáid chun physical a chur in iúl. Go deimhin, tugtar tús áite do fisiciúil san iontráil physical ar www.focloir.ie.

Ní hamháin go bhfuil fisiceach agus fisiciúil ann; i gcúinsí áirithe, bheadh corp-coirp le cur san áireamh fosta chun ciall an fhocail Bhéarla physical a chur in iúl.

 

Roinn an Post seo: