Aidiacht úsáideach is ea féideartha a chuireann ar a gcumas d’aistritheoirí oifigiúla feasible a aistriú i mbeagán focal. Níor cheart, áfach, é a úsáid scun scan in áit leaganacha seanbhunaithe mar is féidir indéanta:

  • Ní bheadh sé féideartha ná cuí a bheith ag brath ar ENRanna córas náisiúnta aistrithe a sholáthar do theaghlaigh ina bhfuil leanaí. 
  • Laghdófaí cuid de na srianta sin trí leasú féideartha ar struchtúir íocaíochta.

Ba dheise go mór na habairtí sin ach iad a athscríobh mar seo:

  • Ní bheadh sé indéanta ná cuí a bheith ag brath ar ENRanna córas náisiúnta aistrithe a sholáthar do theaghlaigh ina bhfuil leanaí. 
  • Laghdófaí cuid de na srianta sin trí leasú a d’fhéadfaí a dhéanamh/dá ndéanfaí leasú ar struchtúir íocaíochta.
Roinn an Post seo: