Úsáidtear feictear agus le feiceáil ar bhealaí sách ciotach.

(1) Ar shlí nach gcabhraíonn le brí na habairte a chur in iúl:

  • Ba i lár na cathrach a bhí na plódtithe ba mheasa le feiceáil.
  • Tá sraith d’íomhánna beoga le feiceáil sa dán seo.
  • These first castles consisted of defensive earthworks. / Créfoirt chosanta a bhí le feiceáil sna chéad chaisleáin seo.

Ní chaillfí a dhath tábhachtach dá bhfágfaí le feiceáil ar lár sna habairtí thuas. Go deimhin, bheadh na habairtí níos slachtmhaire dá cheal.

  • Ba i lár na cathrach a bhí na plódtithe ba mheasa.
  • Tá sraith d’íomhánna beoga sa dán seo.
  • Créfoirt chosanta a bhí sna chéad chaisleáin seo.

(2) Ar shlí a thugann le fios go bhfuil cáilíocht theibí éigin infheicthe:

Feictear an grá a bhí ag Seán Ó Tuama don Ghréig sa chnuasach seo.

Ba cheart friotal eile a aimsiú chun an coincheap sin a chur in iúl i nGaeilge:

Tá an grá a bhí ag Seán Ó Tuama don Ghréig le brath ar an gcnuasach seo.

Is léir ón sampla sin go n-úsáidtear feictear agus le feiceáil chun leaganacha Béarla mar seo a aistriú: imbued with, tinged with, perceptible. Ní miste sin, sa chomhthéacs ceart, mar shampla Tá tionchar mháistrí na hIodáile le feiceáil sa phictiúr seo. Ach is minic áiféis nó míloighic éigin ar baint leis an rogha focal:

  • Albam sách brónach is ea é, ach tá an greann le feiceáil ann freisin.
  • Feictear míshásamh an phobail i dtoradh an fhothoghcháin.

Is iomaí leagan dúchasach a d’oirfeadh ansin.

  • Albam sách brónach is ea é ach níl sé gan greann a bheith ann/tá an greann ina orlaí tríd.
  • Léiriú ar mhíshásamh an phobail a bhí i dtoradh an fhothoghcháin.
Roinn an Post seo: