Tá míréir in úsáid an fhorainm sna samplaí seo thíos:

  • Tá an Rialtas ag déanamh a ndíchill agus níl a fhios agam conas is féidir leo níos mó a dhéanamh. (forainm iolra.)
  • Tá tuairim is 10% de thalamh na hÉireann faoi chrainn agus tá an Rialtas ar a dhícheall cur leis an gclúdach crann sin. (forainm uatha.)

Cé acu forainm iolra nó forainm uatha ba cheart a chur le focail mar rialtas, foireann, páirtí, slua agus cnuasainmneacha eile? Scéal casta atá ann a ndéantar tagairt dó in GGBC: 13.28.

Is iondúil go ngéilleann an forainmneach dá ainmfhocal ina uimhir... Ach is gnách go ngabhann cnuasainm uatha forainmneach iolra más iad baill indibhidiúla an chnuais atá i gceist: tá beirt amuigh agus iad ag troid; an mhuintir a raibh mé leo, cuireadh a dteach trí thine; theithfeadh an tréad dá bhfeicidís faolchú. Ach is mór an tréad é.

De réir na tuisceana sin, b’fhearr ag déanamh a dhíchill agus ar a dhícheall a scríobh, nó bítear ag súil le rialtas a bheith d’aon chomhairle seachas mar bhaill indibhidiúla.

Níl an Béarla gan tionchar a bheith aige ar an ghné seo den Ghaeilge, áfach. I mBéarla na Breataine agus na hÉireann, is gnách forainm iolra a chur le cnuasainmneacha. Ní dhéantar iontas d’abairtí Gaeilge den chineál seo:

  • Tá an SDLP faoi bhrú millteanach cé gur choinnigh an páirtí a gcuid comhairleoirí is baill tionóil.
  • Comhlíonfaidh an Chomhairle a gcuid cúraimí faoin Treoir maidir le Baol Tuile 2007/60/CE.

Cibé rud a dhéantar, níor cheart meascán d’fhorainmneacha uatha agus iolra a úsáid ag trácht ar an aon rud amháin. A leithéid seo, in alt faoi chúrsaí an Mheánoirthir:

Éinne ar mhaith leo a bheith ina nIosraelach.

Seans gur roghnaigh an t-údar na forainmneacha iolra d'fhonn teacht slán ar cheisteanna inscne, nós atá ceadaithe i roinnt leabhair stíle. Is cinnte gurbh fhearr abairtí ciotacha mar seo thíos a sheachaint más féidir é ar ar chor ar bith:

Éinne ar mhaith leis/léi a bheith ina (h)Iosraelach.

Mar sin féin, tá an meascán uimhreach mearbhallach go leor. D'fhéadfaí cloí leis an uimhir iolra tríd síos:

  • Na daoine go léir ar mhaith leo a bheith ina nIosraelaigh.
Roinn an Post seo: