Níl inscne an fhorainm ceart sna habairtí thíos.

  • Ba í an bharúil a bhí ag lucht pleanála na gcathrach ná go mbeadh cumhacht aibhléise agus breosla measartha saor i gcónaí.
  • Is í an fhadhb ná gur féidir leat a dhath ar bith a rá faoin Eaglais Chaitliceach ag an phointe seo agus creidfear é go forleathan.
  • Is í mo chomhairle, fanacht glan ar gach cathair.

Dar le daoine gur cheart go mbeadh an forainm agus an t-ainmfhocal (barúil, fadhb, comhairle) de réir a chéile ó thaobh na hinscne de. Ó tharla gur ainmfhocail bhaininscneacha iad barúil, fadhb agus comhairle, cuireann scríbhneoirí an forainm baininscneach í leis an chopail. Is botún é sin. Ní ag tagairt do barúil atá an forainm ach don fhaisnéis sa chlásal gur ar an rialtas atá an locht. Ní féidir inscne a lua leis an fhaisnéis sin, agus, nuair nach féidir, glactar leis gur firinscneach atá.

Féach, áfach, go mbíonn inscne an ainmfhocail agus an fhorainm de réir a chéile in abairtí mar seo:

  • Nach dona an chomhairle í sin?
  • Fadhb í sin atá ag dul in olcas.

Féach GGBC: 13.27.

Roinn an Post seo: