Is féidir aill, crann nó dréimire a dhreapadh ach b’ait leat dreapadh a lua leis na rudaí seo thíos.

  • Dhreap sé as an leaba.
  • Léim sé as an mbád agus dhreap sé ar dhroim an turtair.

Climbing an Bhéarla is cúis le leaganacha den chineál sin. Níl i gceist ach éirí as an leaba agus dul suas ar droim an turtair.

Roinn an Post seo: