Ní mór do scríbhneoirí aire a thabhairt d’ionad an dobhriathair san abairt, mar is léir ó abairtí mar seo:

Oibreoidh an té a cheapfar go maith mar bhall d’fhoireann.

Cén briathar atá á cháiliú ag go maith? Tá sé níos gaire do ceap ná do oibrigh. Dar leat go bhfuil an fostaí nua le ceapadh go maith. B’fhearr a leithéid seo:

Oibrí maith foirne a cheapfar.

Roinn an Post seo: