Ba cheart do scríbhneoirí a bheith faichilleach maidir le dobhriathar Gaeilge a úsáid chun frása aidiachtúil Bhéarla a aistriú. A leithéid seo:

He was planning a well-deserved holiday. / Bhí saoire tuillte go maith á pleanáil aige.

Ní féidir tuillte go maith a cheangal le saoire amhail is gur aidiacht shimplí é. Bheadh dhá chlásal san abairt Ghaeilge:

Bhí saoire á pleanáil aige, saoire a bhí tuillte go maith aige.

Roinn an Post seo: