Is é ciall an fhocail dleathachlawful, permitted by law. Is é ciall an fhocail dlíthiúillegal(istic), juridical, pertaining to law.

Ach oiread le legal agus lawful an Bhéarla, is deacair dealú glan a dhéanamh idir an dá théarma Gaeilge. Is léir, áfach, gur focal faoi leith a theastaíonn sna habairtí samplacha thíos:

  1. Tá sé mídhlíthiúil d’aon duine faoi bhun 16 bliana d’aois bád chumhacht-thiomáinte luais nó scaird-scí a oibriú nó a stiúradh.
  2. I ndiaidh ionchorpraithe, tá sé d’oibleagáid dhleathach ar chomhlacht taifid áirithe a choimeád agus roinnt fógraí reachtúla a dhéanamh le hOifig Chláraithe na gCuideachtaí.

Is léir gur sárú dlí atá i gceist sa chéad abairt, agus gur mídhleathach ba chóir a scríobh.

Má tá oibleagáid dhleathach ann taifid áirithe a choimeád, an féidir go bhfuil a mhalairt ann chomh maith, agus go mbíonn oibleagáidí mídhleathacha á gcur ag Oifig Chláraithe na gCuideachtaí ar chliaint? Ní dócha é. Is oibleagáidí dlí iad, nó oibleagáidí dlíthiúla.

Roinn an Post seo: