Téann aistritheoirí san abar agus iad ag iarraidh an focal Béarla detailed a aistriú. Ní deacair an réimír mion a chur le focal (mar shampla mioneolas), nó leas a bhaint as an aidiacht mionsonraithe. Is sa bhreischéim agus sa tsárchéim is mó a théann scríbhneoirí amú, mar is léir ó na habairtí seo:

  • Cuireann an láithreán gréasáin eolas níos sonraí ar fáil maidir le pleanáil i gcomhair éigeandála.
  • Tugann an taispeántas seo cuntas níos mine ar Ré na Lochlannach in Éirinn.

D'fhéadfaí níos mionsonraithe a chur in ionad na lagiarrachtaí thuas. Ní bheadh níos grinne i bhfad ón chiall cheart ach oiread.

Roinn an Post seo: