Ní mór do scríbhneoirí aire a thabhairt do ghnéithe caolchúiseacha de chiall na bhfocal. An féidir, mar shampla, go mbainfí ciall dhiúltach as na habairtí seo thíos?

  • A recognised first or second class honours degree in psychology.
  • Céim aitheanta sa tSíceolaíocht den chéad nó den dara grád.
  • The less developed areas of the Shannon Region.
  • Ceantair neamhfhorbartha de chuid Réigiún na Sionainne.

Cad é a thuigfeadh daoine as céim den dara grád? B'fhearr cloí leis an fhriotal thraidisiúnta: céim céad onóracha nó dara honóracha

Ní dócha go mbeadh muintir réigiún na Sionainne sásta ceantar neamhfhorbartha a thabhairt ar chuid ar bith den dúiche. B'fhearr go mór an abairt a athscríobh mar seo:

Na ceantair sin de chuid Réigiún na Sionainne is lú a ndearnadh forbairt orthu.

Roinn an Post seo: