Ní i gcónaí a dhéantar dealú ceart idir an dá fhocal ghaolmhara seo. Tá dearfa ar aon chiall le cinnte, mar a thuigfeá ón dúblóg cinnte dearfa. Is é ciall an fhocail dearfachpositive, affirmative, malairt an fhocail diúltach.

Toisc go bhfuil gaol gairid idir an dá fhocal, bíonn amanna ann agus is deacair a dhéanamh amach an bhfuil an focal ceart roghnaithe ag an údar. Sna treoracha maidir le healaíontóirí a thoghadh ina ‘Saoithe’, maíonn Aosdána: Ní fhógraítear ach toradh dearfa nó diúltach. Is é atá sa bhunabairt Bhéarla Only a positive or negative result will be declared. Is léir, mar sin, go bhfuil toradh dearfa mícheart agus gur toradh dearfach ba cheart a scríobh.

Féach, áfach an abairt seo i dtaobh Chomhaontú Liospóin, ar dhiúltaigh vótálaithe na hÉireann dó i bhfeachtas reifrinn sa bhliain 2008. Cuireadh i láthair na vótálaithe arís é, an bhliain dár gcionn.

Toradh dearfa a bhí ar an dara reifreann nuair a vótáil an tromlach ar son an téacs.

D’fhéadfadh sin a bheith ceart más unambiguous result a bhí ar intinn an údair. I gcomhthéacs iomlán na habairte, áfach, is dócha gur toradh dearfach a bhí i gceist i ndáiríre. Ní bheadh amhras ar bith ann dá scríobhfaí toradh cinnte.

Roinn an Post seo: