déan ar cheann de na briathra is coitianta sa Ghaeilge. Is minic, fiú amháin, a chuirtear é in ionad briathra eile i gcomhlogaíochtaí mar seo thíos:

  • Tá na bearta seo riachtanach chun srianadh a dhéanamh ar chaiteachas. ()
  • Is maith is eol dúinn anois nach maith a tuigeadh an stró a bhainfeadh le tarrtháil a dhéanamh ar theanga a bhí i mbéal báis. (tarrtháil a thabhairt)
  • I gcaitheamh an ama sin, tá toirmeasc déanta ag an Údararás Iomaíochta in aghaidh cumais amháin. (toirmeasc curtha)

Briathra eile ar fad ba chóir a úsáid sna habairtí sin:

  • Tá na bearta seo riachtanach chun caiteachas a shrianadh/chun srian a chur le caiteachas.
  • Is maith is eol dúinn anois nach maith a tuigeadh an stró a bhainfeadh le tarrtháil a thabhairt ar theanga a bhí i mbéal báis.
  • I gcaitheamh an ama sin, tá toirmeasc curtha ag an Údararás Iomaíochta in aghaidh cumais amháin.
Roinn an Post seo: