Ceann de na botúin is coitianta sa Ghaeilge scríofa is ea an réamhfhocal de a chur idir ainmfhocail seachas an dara hainmfhocal a chur sa tuiseal ginideach:

  • Soláthar de bhreisoideachas do dhaoine fásta a bhfuil riachtanais speisialta acu a athbhreithniú. (soláthar breisoideachais)
  • Tá Uachtarán na Nigéire, Goodluck Jonathan, tar éis fógra a thabhairt go bhfuil an Rialtas ansin chun an praghas de bhreosla a laghdú. (praghas breosla)
  • Shíl mé gurb é sin deireadh den amhrán. (deireadh an amhráin)

Is dócha gur tionchar an Bhéarla of (price of fuel etc.) is cúis leis an struchtúr seo a bheith chomh coitianta agus atá. Tá cuntas cuimsitheach in GGBC (9.37–953) ar úsáid an tuisil ghinidigh agus de (an tabharthach rannaíoch). Is leor domsa a mheabhrú gur ciall pháirteach atá ag de. Tá ciall le beirt de na hAirí mar tá níos mó Airí ná beirt ann. An chiall pháirteach sin atá i dtreis i gcás cuid den airgead, duine de bhunadh Ghaoth Dobhair, bailíodh a lán leaganacha den amhrán. Níl aon chiall le deireadh den amhrán mar ní bhíonn ach deireadh amháin ar amhrán ar bith.

Níl aon locht, mar sin, ar de a úsáid in abairtí den chineál seo:

  • Na comharchumainn agus na daoine eile atá ag gníomhú ar son na Gaeltachta le b’fhéidir naoi nó deich mbliana. (Nó a naoi nó a deich de bhlianta)
  • Ionas go mbeadh leanaí ina léitheoirí maithe, ní mór dóibh cúig nó sé fhocal nua a fhoghlaim gach lá. (Nó a cúig nó a sé d’fhocail nua)

Chuirfeadh sé comaoin ar na habairtí seo thíos gan an réamhfhocal de a bheith iontu ar chor ar bith:

  • Luach de €10,000.00 de scoláireachtaí a bhronnadh ar an chlár. (luach €10,000.00)
  • Is cosúil go bhfuil laghdú de 24% i gceist. (laghdú 24%)
  • Tá duaischiste de €3,800 i lotto an fhochumainn faoi láthair. (duaischiste €3,800)

Má tá de le húsáid áit ar bith sna habairtí thuas, is mar seo ba cheart dó a bheith: scoláireachtaí de luach €10,000.00; €3,800 de dhuaischiste srl.

 Nuair a thagann de agus an aidiacht shealbhach a le chéile (his, hers, theirs) is a scríobhtar de réir an CO. Leagan malartach is ea dena.

Nuair a thagann dedo roimh fhocal a thosaíonn le guta (nó fh + guta) bítear idir dhá chomhairle cé acu is cirte: (1) Lán gloine d’fhíon nó (2) Lán gloine de fhíon. Bíonn an dá leagan le feiceáil i dtéacsanna Gaeilge, ach is é an gnáthnós inniu (1) a scríobh.

Roinn an Post seo: