Tá roinnt gnás in úsáid chun macasamhail the 1950s, the 2010s a scríobh i nGaeilge:

  • Bhí cónaí ar an bhfile Éireannach, Louis de Paor, san Astráil sna1980aidí.
  • Físeán iontach faoi Ghaeil Bhéal Feirste sna 1980í. 
  • Chaith sé seal mar Chigire Cánach Ceantair i nDún na nGall i lár na 1980óidí. 

Is é -idí a úsáidtear in www.focloir.ie:  

  • An drochbhail a bhí ar chúrsaí eacnamaíochta sna 1970idí
  • Bhí an teoiric sin i dtreis sna 1980idí

Tá sé de bhuntáiste -idí go gcuimsíonn sé na deirí éagsúla atá i bhfocail mar ochtóidí, nóchaidí.

Bíonn scríbhneoirí idir dhá chomhairle maidir leis an réamhfhocal i a scríobh roimh dhátaí atá scríofa ina bhfigiúirí:

  • Thosaigh an cogadh i 1939.
  • Thosaigh an cogadh in 1939.

Is é in atá in úsáid ar www.focloir.ie agus atá molta sa CO, mar shampla in 1998; in 2017. Féach alt 10.6.4 (a) iv. 

Roinn an Post seo: