Lá agus mí

Ní miste, i dtéacsanna neamhfhoirmeálta, an dáta a scríobh ar do rogha bealach. Más téacs caighdeánach a theastaíonn, áfach, ba cheart a bheith leanúnach maidir leis an ghné seo den teanga scríofa. Moltar nósanna éagsúla sna treoirleabhair stíle agus sna graiméir.

  • Tá leaganacha mar 12ú Aibreán coitianta go leor ach, mar atá ráite ag Séamas Daltún in Maidir le do Litir, ní cuid riachtanach ar bith den dáta an ú. Mhol seisean gan an ú a scríobh: 12 Aibreán.
  • De réir an CO, ba cheart an t-alt a chur le huimhir an lae 'nuair a dhéantar tagairt do dhátaí in abairt', mar shampla Beidh an chóisir ar siúl ar an 12 Aibreán; Pósfaidh siad an 26 Feabhra. Moltar an t-alt a fhágáil ar lár nuair atá an dáta leis féin, 'ar bharr litreach, nó mar dháta le sonrasc nó le hAcht, etc.' Féach alt 1.1.5 (g).

Ní gá an focal a chur le dáta, mar shampla an 12 de mhí Aibreáin. Is leor an 12 Aibreán. Eisceacht air sin is ea míonna atá ainmnithe as féilte: Samhain agus Nollaig. Dá scríobhfaí Samhain 2021 nó Nollaig 2021, ní bheadh a fhios ag an léitheoir, cheal comhthéacs, cé acu an fhéile nó an mhí atá faoi thrácht. Níl aon débhríocht i leaganacha mar Mí na Nollag 2014 Mí na Samhna 2014.

Sa Bhéarla, deirtear the 21st of June, the 6th of November agus mar sin de. Seans gurb é tionchar an of sin a thugann ar scríbhneoirí Gaeilge ainm na míosa a chur sa tuiseal ginideach:

  • Beidh Féile Píobaireachta William Kennedy ar siúl in Ard Mhacha ón 17–20 Samhna. 
  • Beidh na leabharlanna dúnta ó Dé Luain  24 Nollag go Déardaoin 27 Nollag. 

 An tuiseal ainmneach a theastaíonn sna habairtí thuas:

  • Beidh Féile Píobaireachta William Kennedy ar siúl in Ard Mhacha ón 17–20 Samhain. 
  • Beidh na leabharlanna dúnta ó Dé Luain 24 Nollag go Déardaoin 27 Nollaig. 

 

Roinn an Post seo: