Is féidir dar le a úsáid ar roinnt bealaí éagsúla:

  1. Mar intriacht i dtús abairte. Sa chás sin ní leanann claoninsint é: Dar liom, is maith do dhuine airgead a chur i dtaisce. Methinks an Béarla a cuireadh air sin in FGB.
  2. I ndeireadh an chlásail ar fad: Is maith do dhuine airgead a chur i dtaisce, dar liomsa.
  3. Má úsáidtear dar le ar aon dul le is dóigh le, chun tuairim nó braistint a chur in iúl, is amhlaidh a leanann claoninsint é: Dar liom gur maith do dhuine airgead a chur i dtaisce.

Tá droch-chlaonadh ann dar le a lua le rudaí nach bhfuil aon chumas machnaimh iontu:

Dar leis an tuarascáil, tá sé indéanta 42% dár gcuid leictreachais a bheith á nginiúint as foinsí in-athnuaite faoi 2020. 

Is ionann sin, de mo dhóighse, agus Síleann an tuarascáilIs dóigh leis an tuarascáil. Rud amháin a thabhairt le fios go bhfuil teagasc nó dearcadh á chraobhscaoileadh ag foilseachán; rud eile ar fad cumas machnaimh a chur ina leith. Seans nach bhfuil scríbhneoirí ag dealú mar is ceart idir dar agus de réir. Nó b’fhéidir gur éiríomar ceanúil ar dar de thairbhe nach mbíonn infhilleadh ina dhiaidh.

  • Luaigh tuairim amháin a bhí ag na daoine óga faoin scoil, dar leis an taighde. (de réir an taighde)
  • Dar leis an dearcadh seo, ní bhíonn cearta ag ciníocha, náisiúin ná comhphobail. (Más fíor don dearcadh seo)

 

Roinn an Post seo: