Ó thaobh na stíle de, is fearr go mór clásal coibhneasta ná an réamhfhocal le i bhfrásaí mar seo:

  • Daoine le cáilíochtaí tríú leibhéal. 
  • Tíortha le pobail mhionlaigh. 

Mar seo ba cheart na samplaí sin a scríobh:

  • Daoine a bhfuil cáilíochtaí tríú leibhéal acu.
  • Tíortha a bhfuil pobail mhionlaigh iontu.

Is fíor go n-úsáidtear an réamhfhocal le i roinnt teideal a chuireann síos ar cheird nó ar chúram duine nó eagraíochta, mar shampla Ollamh le FraincisCumann le Béaloideas Éireann.

Roinn an Post seo: