Cé gur minic a scríobhtar ‘in athuair’, is mó stádas atá ag an leagan ‘an athuair’, mar atá in FGB. Is féidir an t-alt a fhágáil ar lár chomh maith, mar shampla ‘Bain triail as athuair’.

Seo roinnt samplaí as an bhunachar Tobar na Gaedhilge:

Tugadh an Búrcach i láthair na cúirte athuair.

Cheistigh sé an athuair é, ach níor labhair sé focal.

Roinn an Post seo: