Toisc gur féidir ar son a aistriú le for, glacann daoine leis gur féidir é a úsáid sa chiall for the purposes of:

Foilsíodh an doiciméad seo ar son polasaithe an pháirtí a chur i láthair an phobail. 

Is é ciall chruinn ar son ná on behalf of, for the sake of, agus ní oireann sé don úsáid seo. B'fhearr focail mar chun, le haghaidh nó faoi choinne a úsáid san abairt thuas: 

Foilsíodh an doiciméad seo chun polasaithe an pháirtí a chur i láthair an phobail.

Roinn an Post seo: