Ní hionann i gcónaí brí an ainmfhocail aonair agus brí na haidiachta aonarach:

  • Dúras cheana, nach bhféadfaí an iomarca béime a chur ar thábhacht pobail do leas an duine aonaraigh. 
  • Tithe aonaracha a thógáil dóibh féin ar a gcuid talún féin. 

Bíodh is go bhfuil sole, solitary, lone luaite i sainmhíniú an fhocail aonarach sna foclóirí, is é an chiall is túisce a spreagfadh sé in aigne léitheora ná uaigneach. B'fhearr na habairtí a athscríobh le teacht slán ar an athbhrí sin:

  • Dúras cheana, nach bhféadfaí an iomarca béime a chur ar thábhacht pobail do leas an duine aonair. 
  • Tithe aonair a thógáil dóibh féin ar a gcuid talún féin. 

 

Roinn an Post seo: