Coincheap tábhachtach is ea an t-aonad céille a chabhraíonn linn freastal ar na riachtanais ghramadaí a bhaineann le sraitheanna ainmfhocal. Is é atá i gceist ná grúpa focal a chuireann rud faoi leith in iúl, mar shampla

garda cósta (coast guard)

comórtas leadóige (tennis completion)

Is ainmfhocail éiginnte atá sna péirí focal thuas. Déantar an dara hainmfhocal a infhilleadh díreach ar nós mála scoile, cnuasach filíochta, cluiche peile srl. Ach d’fhéadfadh na focail chéanna a bheith istigh i sraitheanna níos faide agus iad a bheith faoi réir ag ainmfhocail chinnte. Ina leithéid sin de chás, bheadh an chiall ag brath ar rialacha gramadaí áirithe a thabhairt slán.

Garda Cósta na hÉireann (The Coast Guard of Ireland)

Garda Chósta na hÉireann (The Guard of the Coast of Ireland)

Comórtas Leadóige na Fraince (The FrenchTennis Competition)

Comórtas Leadóg na Fraince (The Competition for French Tennis)

Ní mór do scríbhneoirí an t-aonad céille cuí a thabhairt slán: garda cósta agus comórtas leadóige seachas cósta na hÉireann agus leadóg na Fraince. Tugann an sampla deireanach sin le fios go bhfuil cineál faoi leith leadóige ann ar a dtugtar 'leadóg na Fraince'.

Roinn an Post seo: