Is faoi thionchar an Bhéarla, measaim, a scríobhtar an t-alt in abairtí ina luaitear ceird nó gairm duine:

Tá an iris The Stinging Fly i ndiaidh an file Aifric Mac Aodha a cheapadh sa ról ‘Eagarthóir ar fhilíocht Ghaeilge.’

Is é gnás na Gaeilge Aifric Mac Aodha, file a scríobh. Scríobhfaí an t-alt dá ndéanfaí cáiliú ar an ghairm:

Tá an iris The Stinging Fly i ndiaidh an file iomráiteach Aifric Mac Aodha a cheapadh sa ról ‘Eagarthóir ar fhilíocht Ghaeilge.’

Roinn an Post seo: