Ba cheart go mbeadh cuspóir an ainm bhriathartha soiléir. Ní i gcónaí a éiríonn le scríbhneoirí Gaeilge an gaol idir an t-ainm briathartha agus an cuspóir a thabhairt slán. Féach, mar shampla, an abairt thíos:

D’éirigh sé as drugaí a úsáid chun a shamhlaíocht a spreagadh.

Thiocfadh le duine dhá chiall a bhaint as sin:

  1. Go mbíodh drugaí á n-úsáid aige chun a shamhlaíocht a spreagadh agus gur éirigh sé as an nós sin.
  2. Gur éirigh sé as na drugaí ag súil go spreagfadh sé sin a shamhlaíocht.

Más 1. atá i gceist, b’fhearr leagan éigin mar seo:

Bhíodh drugaí á n-úsáid aige chun a shamhlaíocht a spreagadh, ach d’éirigh sé as an nós sin.

Más 2. atá i gceist b’fhearr leagan éigin mar seo:

Ba chun a shamhlaíocht a spreagadh a d’éirigh sé as drugaí a úsáid.

Roinn an Post seo: