Is minic a bhíonn críoch chaol ar an mhodh ordaitheach agus críoch leathan ar an ainm briathartha:

  • ‘Siúil!’ ar seisean. ‘Nach bhfeiceann tú mé ag siúl ar mo dhícheall?’ arsa mise.
  • ‘Cuir an litir sin ar leataobh agus ná bí ag cur is ag cúiteamh faoi níos mó.’

Ní i gcónaí a dhéanann scríbhneoirí dealú ceart idir an modh ordaitheach (caol) agus an t-ainm briathartha (leathan), mar is léir ó na samplaí thíos:

  • An líon íseal daltaí ó chúlra Protastúnach atá ag freastail ar scoileanna lán-Ghaeilge. (ag freastal)
  • Tá Bearna suite ar Bhóthar Réigiúnach an R336, bealach straitéiseach thoir-thiar ag ceangail Cathair na Gaillimhe le réigiún Chonamara. (ag ceangal)
  • Níorbh fhada go raibh sí ag iompair. (ag iompar)
  • Cén uair a bhí sé i gceist ag an Rialtas iarradh ar an Aontas deireadh a chuir leis an maolú. (a chur)

Bíonn litreoirí dall ar an earráid seo; is focail dhlisteanacha iad freastail, ceangail, iompair agus cuir agus ní dhéanfar iad a cheartú. Is furasta teacht ar fhoirm cheart an ainm bhriathartha ar www.focloir.ie agus i bhfoinsí eile.

Ná ní i gcónaí a dhéantar dealú idir foirm an mhodha ordaithigh agus foirm an ainm bhriathartha i gcás na mbriathra sin a bhfuil –igh ina ndeireadh:

  • Má bhíonn aon cheist agat ná bíodh aon leisce ort a fhiafraigh. (a fhiafraí)
  • Cothaigh nósanna anois ar féidir leat cloígh leo. (cloí)
  • Nach uafásach an dochar a dhéanann duine nó beirt leis an gcumhacht go léir nuair a shocraíonn siad ar tír eile a ionsaigh agus daoine a mharú? (a ionsaí)

Ní cabhair do scríbhneoirí an litreoir sa chás seo ach oiread, mar is focail dhlisteanacha iad fiafraigh, cloígh agus ionsaigh ach iad a úsáid mar is ceart.

Roinn an Post seo: