Is é is ainm briathartha ann, focal a mbíonn (1) feidhm ainmfhocail agus (2) feidhm bhriathair leis, mar shampla Beimid ag ól is ag ceol go maidin. Is ainmfhocail iad ól agus ceol. Féach go bhfuil an focal ag rompu. Ach ní i gcónaí a bhíonn an difear idir gnáth-ainmfhocal agus ainm briathartha díreach chomh follasach. Cén dochar ach go bhfuil impleachtaí gramadaí ag baint leis an difear sin a thabhairt slán sa tuiseal ginideach?

Glacaimis, mar shampla, na focail cleachtadh agus iniúchadh. D’fhéadfadh dhá fhoirm faoi leith a bheith ag na focail sin sa tuiseal ginideach:

  1. Foirm an ghnáth-ainmfhocail, is é sin cleachtaidh, iniúchaidh.
  2. Foirm na haidiachta briathartha, is é sin cleachta, iniúchta.

Ní i gcónaí a roghnaíonn scríbhneoirí Gaeilge an fhoirm chuí. Bítear anonn is anall idir seisiún cleachta agus seisiún cleachtaidh nó idir coiste iniúchaidh agus coiste iniúchta. Braitheann an rogha sin, cuid mhór, ar cé acu atá i dtreis, gné an ainmfhocail nó gné an ainm bhriathartha.

COMHARTHAÍ SÓIRT AN GHNÁTH-AINMFHOCAIL

Féach na samplaí seo thíos:

  1. Ba é sin an t-iniúchadh fada crua.
  2. Is ar pháirc an bhaile a bhíodh na cleachtaí peile an t-am sin.

De réir na gcritéar in GGBC (18.1–18.3), is gnáth-ainmfhocail iad iniúchadh agus cleachtadh sna habairtí thuas, ar na cúiseanna seo a leanas:

  • Is féidir an t-alt a chur rompu.
  • Is féidir iad a cháiliú (fada, dian; peile).
  • Is féidir iad a chur san uimhir iolra (cleachtaí, iniúchtaí).

Thar aon rud eile, níl feidhm bhriathair le iniúchadhcleachtadh sna samplaí thuas. Rudaí is ea iad murab ionann agus gníomhartha. San eolas gramadaí a thugtar i dtaobh na bhfocal seo in FGB, moltar -aidh a úsáid mar fhoirm ghinideach nuair atá na focail sin á n-úsáid mar ainmfhocail. Mar seo a bheadh dá gcuirfí sa ghinideach uatha iad:

  1. Deireadh an iniúchaidh fhada chrua.
  2. Ba í páirc an bhaile láthair an chleachtaidh.

Cad iad na comhthéacsanna ina n-úsáidtear foirm ghinideach an ainm bhriathartha, mar sin? 

FOIRM GHINIDEACH AN AINM BHRIATHARTHA

Foirm ghinideach na haidiachta briathartha a úsáidtear nuair atá cuspóir ag an ainm briathartha:

  • coiste iniúchta na gcuntas
  • lucht cleachta dlí
  • bean mo chaointe
  • gléas braite dóiteáin

Is minic a chuirtear focal a bhfuil cuma ainm briathartha air (mar shampla taisteal) le hainmfhocail eile: leabharlann taistil. Feidhm aidiachta seachas feidhm bhriathartha atá le taisteal, is é sin tugann taisteal breis eolais ar an chineál leabharlainne atá i gceist. Is gnách na focail cháilithe seo a infhilleadh ar nós ainmfhocail ar bith eile, de réir cibé díochlaonadh lena mbaineann siad:

  • Litir + gearán = litir ghearáin
  • Clár + caint = clár cainte
  • Bád + tarrtháil = bád tarrthála

Is í foirm na haidiachta briathartha, áfach, is mó a úsáidtear i gcás focail a bhfuil -adh nó guta fada ina ndeireadh:

  • Coiste + iniúchadh = coiste iniúchta
  • Coláiste + dearadh = coláiste deartha
  • Tonn + = tonn bháite
  • Slí + éalú = slí éalaithe
  • Trealamh + díchódú = trealamh díchódaithe

Dá réir sin, is seisiún cleachta agus coiste iniúchta a bheadh ann má táthar ag sainiú cén cineál seisiúin agus cén cineál coiste atá ann.

Roinn an Post seo: