Tá claonadh ann aithris ar struchtúir Bhéarla ar nós My friend agus Dia duit, mo chara a scríobh. Is i dtús comhfhreagrais is mó a fheictear an úsáid lochtach sin sa Ghaeilge scríofa, mar shampla A Pheadair, mo chara. Is é ba cheart a bheith ann A Pheadair, a chara. Más mian leat an leagan sin a dhéanamh níos pearsanta fós, is féidir A Pheadair, a chara liom a scríobh.

Eisceacht is ea Ár nAthair atá ar neamh, ach féach gur aistriúchán é sin.

 

Roinn an Post seo: