Bíonn roinnt míthuiscintí ag cur as do scríbhneoirí Gaeilge agus iad ag plé le foirmeacha na sárchéime. Tá trácht ar thrí cinn acu sna nótaí seo.

1. Botún coitianta atá ann ainmfhocal a chur sa tuiseal ginideach tar éis na sárchéime:

  • An bhean is deise glóir.
  • An páirtí is mó tacaíochta.

Fanann an t-ainmfhocal sa tuiseal ainmneach, mar seo:

  • An bhean is deise glór.
  • An páirtí is mó tacaíocht.

2. Baintear mí-úsáid as frásaí mar is fearrde, is lúide, is móide srl. ar an tuiscint gurb ionann iad agus is fearr, is lú, is mó. An mhíthuiscint sin is cúis le habairtí lochtacha den chineál seo:

  • Is fearrde, mar sin de, Ballstáit éagsúla a bheith ag obair i gcomhar le chéile.
  • Líon nach lúide ná 20 ball den Dáil nó de Sheanad Éireann.

Seans nár mhiste an mhíthuiscint seo a phlé i gcomhtéacs mana clúiteach fógraíochta: Is fearrde thú Guinness. Is é atá i gceist ansin ná is fearr + de + + Guinness. Is ionann sin agus a rá go mbeidh tú níos fearr de thairbhe Guinness a ól. Dá bhrí sin, bheadh an chéad sampla thuas inghlactha dá ndéanfaí é a athscríobh mar seo:

B'fhearrde do na Ballstáit obair i gcomhar le chéile

Mar sin féin, bheadh ciall bheag eile leis sin seachas an chiall is dócha a bhí i gceist ag an scríbhneoir, i.e. gur de leas na mBallstát a bheith ag obair i gcomhar le chéile. Más comparáid shimplí atá i gceist, ba cheart na habairtí a athscríobh mar seo:

  • Is fearr, mar sin de, Ballstáit éagsúla a bheith ag obair i gcomhar le chéile.
  • Líon nach lú ná 20 ball den Dáil nó de Sheanad Éireann.

3. Is é an focal a úsáidtear in abairtí comparáideacha mar Is airde Síle ná Áine. Bíodh sin mar atá, baintear úsáid earráideach as gur in abairtí mar seo:

Níor luaithe an chaint sin déanta gur tháinig preasráiteas oifigiúil thar an idirlíon ón Údarás.

Mar seo ba cheart an abairt a scríobh:

Níor luaithe an chaint sin déanta ná tháinig preasráiteas oifigiúil thar an idirlíon ón Údarás.

Is cosúil gur le déanaí a tosaíodh ar an gur sin a úsáid sa tsárchéim. Measaim gur leathnú ar chiall an natha nó go is cúis leis, mar shampla Shiúil mé nó gur bhain mé an baile amach.

Roinn an Post seo: