Bíonn cinneadh le déanamh maidir le breischéim na haidiachta a aistriú go Gaeilge i bhfrásaí mar seo: 

  • An aspect of wider policy
  • Assistance for older people

Ní hinmholta aithris a dhéanamh ar an Bhéarla agus a leithéid seo a scríobh:

  • Gné de bheartas níos leithne
  • Cabhair do dhaoine níos aosta.

Spreagann an níos sin ceist in aigne an léitheora: 'níos leithne nó níos sine ná céard go díreach?' Níl i gceist ach go bhfuil seo nó siúd ina chuid de mhórbheartas éigin. Cabhair do dhaoine aosta/scothaosta ab fhearr a scríobh sa dara sampla.

 

Roinn an Post seo: