Is minic a bhíonn rogha ann aidiacht shimplí nó ainmfhocal sa tuiseal ginideach a úsáid. Níl difear suntasach céille idir lá gaofar agus lá gaoithe, cuir i gcás. Corruair, áfach, bíonn difear céille ann. Uaireanta eile fós, is comhlogaíocht atá sa leagan Gaeilge, agus ní bhíonn de rogha ag an scríbhneoir ach cloí leis an leagan seanbhunaithe. Cainteoir dúchais a bhí sa Ghaeilge riamh, murab ionann agus cainteoir dúchasach

Caithfidh scríbhneoirí a fhiafraí díobh féin an bhfuil débhríocht nó áiféis ag baint le tréithe na haidiachta a chur i leith an ainmfhocail. Cuir i gcás gur wooden house atá i gceist. Níl aon rogha ann ach teach adhmaid a scríobh. Leagan thar a bheith lochtach a bheadh in teach adhmadach, in ainneoin an aidiacht wooden a bheith sa Bhéarla. Sampla eile is ea Presidential inauguration. Is insealbhú Uachtaráin atá i gceist, murab ionann agus insealbhú Uachtaránach.

Bíodh sin mar atá, ní féidir riail dhocht dhaingean a leagan síos ach gach sampla a mheas ina chomhthéacs féin. Seans gurbh fhearr leat, mar shampla, cearta an duine a úsáid chun trácht ar human rights. B'fhéidir go bhfaighfeá locht ar an leagan cearta daonna ar an ábhar nach bhfuil na cearta féin daonna ar shlí ar bith. Tá go breá, go dtí go mbeadh a leithéid seo le haistriú: a person's human rights. B'ait an leagan é cearta an duine an duine. Sin an toradh a bhíonn ar dhogmachas i gcúrsaí teanga.

Roinn an Post seo: