Corruair, ní léir d’aistritheoirí cén t-ainmfhocal atá á cháiliú ag an aidiacht in abairtí nó fiú i dtéarmaí Béarla. Sin é is cúis le leaganacha lochtacha ar nós Polasaí Árachais Buansláinte (Permanent Health Insurance Policy). Is é an polasaí atá buan murab ionann agus an tsláinte. An ordinary share holder, an duine é a bhfuil gnáthscaireanna ina sheilbh aige nó an gnáthshealbhóir scaireanna atá ann? Tharla gur gnáthscaireanna atá i gceist ach ní i gcónaí a bhíonn an t-eolas riachtanach ag an aistritheoir ar an réimse saoil lena mbaineann an téacs. Sa chás sin, caithfear gaol na n-ainmfhocal agus na n-aidiachtaí a fhiosrú agus a dheimhniú.

Déantar an botún céanna le míreanna i gcomhfhocail, mar shampla an mhicrea-earnáil déantúsaíochta. Ní ag tagairt do mhéid na hearnála atá micrea- ach don phróiseas déantúsaíochta féin. Is é atá ann ó cheart an earnáil mhicridhéantúsaíochta.

Roinn an Post seo: