Bíonn amhras agat ar dhuine nó bíonn tú in amhras faoi rudaí. Tá sin go breá, ach tá rud éigin eile á chur in iúl don léitheoir san abairt seo: 

Má tá tú in amhras go ndearnadh calaois ar líne ort, cuir an chuideachta lena mbaineann ar an eolas láithreach.

Dá ndéanfaí aistriúchán dílis air sin, is é a bheadh sa leagan Béarla, If you doubt that you were a victim of on-line fraud, inform the company concerned immediately. Is ait an leagan é sin.

B’fhearr é a athscríobh mar seo: 

Má cheapann tú (gur féidir) go ndearnadh calaois ar líne ort, cuir an chuideachta lena mbaineann ar an eolas láithreach.

Roinn an Post seo: