Is ar dhaoine a chuirtear aithne. Sin an ghnáthúsáid, bíodh is go dtiocfadh corrshampla a aimsiú i dtéacsanna dea-scríofa nach bhfuil ag teacht leis an úsáid sin. Nuair a deir foghlaimeoirí Gaeilge go bhfuil aithne mhaith acu ar Chorcaigh, cuir i gcás, déantar iad a cheartú. Comhairle a chuirtear ar a leithéid go han-mhinic ná eolas a chur in ionad aithne. Bheadh an ceartú sin bailí sa sampla áirithe sin, ach is minic a theastaíonn friotal eile ar fad:

Thug sé aghaidh ar bhialann bheag ar chuir sé aithne uirthi i gcaitheamh a chuid múinteoireachta.

Ar dhóigh éigin, níl eolas a chur ar bhialann mórán níos fearr ná aithne a chur ar bhialann. Is é atá i gceist ná go raibh cuimhne aige ar an bhialann ón uair a bhí sé ina mhúinteoir.

Roinn an Post seo: