They were married last year a deirtear i mBéarla. Is é an gníomh atá i gceist ansin (gur pósadh iad) seachas an staid (iad a bheith pósta).

Is mar seo a dhéantar dealú idir gníomh agus staid sa Ghaeilge:

  1. Úsáidtear aidiacht bhriathartha chun staid a chur in iúl: Níl an tuairisc foilsithe go fóill.
  2. Úsáidtear an briathar saor chun gníomh in iúl: Foilseofar an tuairisc amárach.

Bíonn an dá struchtúr sin trína chéile go minic sa Ghaeilge, mar is léir ó na samplaí seo:

  • Bhí siad pósta anuraidh.
  • Beidh sé curtha amárach tar éis Aifreann an mheán lae.
  • Is trua nach raibh sé déanta i bhfad ó shin.

Tá débhríocht ag baint le Bhí siad pósta anuraidh. An é nach bhfuil siad pósta níos mó? Caithfear an saorbhriathar a úsáid chun an chiall a thabhairt slán.

  • Pósadh anuraidh iad.
  • Cuirfear é amárach tar éis Aifreann an mheán lae.
  • Is trua nach ndearnadh i bhfad ó shin é.

Tuilleadh eolais: féach an físeán Bhí siad pósta anuraidh ar www.ceimaraghaidh.ie.

Féach chomh maith: AN BRIATHAR SAOR 3: GNÍOMH AON UAIRE?

 

Roinn an Post seo: