Níl feidhm leis an fhocal agus i leaganacha mar lá fuar agus fliuchLá fuar fliuch a deirtear, toisc go bhfuil an dá aidiacht ag trácht ar aon rud amháin, i.e. cé chomh holc is atá an aimsir.

Nuair a chuirtear dhá réamhfhocal i ndiaidh a chéile sa Ghaeilge, agus an focal agus eatarthu, dar leis an léitheoir go bhfuiltear ag trácht ar dhá staid faoi leith. A leithéid seo:

        The money was placed in a bag under a rock.
        Cuireadh an t-airgead i mála agus faoi chloch.

Ba le dua a thuigfeadh an léitheoir gur i mála faoin chloch a bhí an t-airgead. Shílfeá gur cuireadh an t-airgead i mála ar dtús agus cuireadh faoi chloch ina dhiaidh sin é. Is furasta é a chur ina cheart:

        Cuireadh an t-airgead i mála agus cloch sa mhullach air.

Roinn an Post seo: