Tá abairtí den chineál seo coitianta go leor sa Bhéarla:

The Speaker is to resign his office, saying that opposition parties are running a campaign against him. 

Bíodh sin mar atá, bíonn cuma chiotach ar ag + ainm briathartha mar nasc idir dhá chlásal sa Ghaeilge. Féach, mar shampla, an t-aistriúchán seo ar an abairt thuas:

Tá an Ceann Comhairle chun éirí as oifig, ag rá go bhfuil feachtas ar siúl ag páirtithe an fhreasúra ina choinne.

B’fhearr, agus ba nádúrtha, an abairt Ghaeilge a athscríobh mar seo:

Tá an Ceann Comhairle chun éirí as oifig mar gheall ar fheachtas a deir sé atá ar siúl ag páirtithe an fhreasúra ina choinne.

Roinn an Post seo: