Nuair a úsáidtear ach sa chiall only, ba cheart aire a thabhairt d’ionad an fhorainm agus gan abairtí den chineál seo a scríobh:

Ba bhreá léi scairt a chur ar a mamaí ach ní raibh ach a guthán póca aici.

Ba cheart an forainm a chur roimh an fhocal ach:

Ba bhreá léi scairt a chur ar a mamaí ach ní raibh aici ach a guthán póca.

In amanna, b’fhearr malairt friotail a aimsiú chun only a chur in iúl:

Smaoinigh sé ar cheist a chur uirthi fá dtaobh de, ach ní bheadh ach argóint acu dá bharr.

Ní leor ionad an fhorainm a mhalartú chun slacht a chur ar an abairt sin. Caithfear cur chuige ar shlí eile ar fad:

Smaoinigh sé ar cheist a chur uirthi fá dtaobh de, ach ní bheadh de thoradh air sin ach go mbeadh argóint acu.

In amanna eile, b'fhearr friotal eile ar fad a roghnú seachas ach:

  • Ní raibh a fhios ach ag Cóilín go raibh sí ann.
  • Ní raibh an doras ach dúnta ag an dochtúir nuair a chuala Aindrias plimp thoirní.

Bíodh is gur onlyjust a bheadh sna habairtí Béarla, ní ach is fearr sa Ghaeilge:

  • Ba é Cóilín an t-aon duine a raibh a fhios aige í a bheith ann.
  • Bhí an doras díreach dúnta ag an dochtúir...
Roinn an Post seo: