Comhairle a chuirtear ar scríbhneoirí Béarla gan absalóidigh a chéimniú. Ní féidir a bheith more perfect, cuir i gcás, nó is cáilíocht absalóideach atá in perfection. Bíodh sin mar atá, níl aon locht ar na leaganacha Gaeilge seo:

  • Tacú le healaíontóirí aonair de gach disciplín a bheith níos foirfe* ina ngairm sna healaíona.
  • Tá tú an-cheart (nó rócheartrícheart).

Is fíor, áfach, go mbíonn blas aisteach ar mheascán d’absalóidigh agus de cháilitheoirí in aon abairt amháin: 

Bhí sí ina haonar, beagnach go hiomlán gan dóchas

B'fhearr i bhfad, Ina haonar a bhí sí, agus í ar fhíorbheagán dóchais.

* Ní hionann go díreach foirfe na Gaeilge agus perfect an Bhéarla. Tagann an focal Gaeilge ón bhriathar foirbhigh, i.e. críochnaigh, feabhsaigh, tabhair chun aibíochta.

Roinn an Post seo: