Tá an abairt seo thíos lochtach ó thaobh na gramadaí de: 

Is deacair dúinn tuiscint cén díomá a bhí uirthi nuair nár éirigh léi an post a fháil. 

Is é an locht atá ar an abairt go bhfuil cuspóir ag an ainm briathartha tuiscint. Is é an chaoi gur cuspóir atá sa chlásal iomlán cén díomá a bhí uirthi. Sin é an rud atá deacair a thuiscint. Dá bhrí sin, ba cheart a a chur roimh an ainm briathartha tuiscint agus é a shéimhiú, díreach mar a dhéanfaí i gcás abairt shimplí mar Ní féidir liom an Ghréigis a thuiscint. ‘A réamhtheachtach’ a thugtar ar an a sin.

Is mar seo a bheadh: 

Is deacair dúinn a thuiscint cén díomá a bhí uirthi nuair nár éirigh léi an post a fháil

Údar eile míchruinnis is ea a réamhtheachtach a chur san abairt nuair nach bhfuil cuspóir ann:

Thig liom a rá, gan duine ar bith a chur ina éadan, gur dócha nach mbeadh ann do An tUltach sa lá atá inniu ann. 

Is é ba cheart a bheith ann:

Thig liom a rá, gan duine ar bith cur ina éadan, gur dócha nach mbeadh ann do An tUltach sa lá atá inniu ann.

Tá tuilleadh eolais in Stockman, Gearóid, Cruinneas Gramadaí agus Corrfhocal Eile: 61–3.

Roinn an Post seo: