Nótaí ar chleachtadh eagarthóireachta 6

I measc na n-ábhar sna nótaí seo tá:

  • Tráchtaireacht faoi na leasuithe atá le déanamh ar an téacs.
  • Athleagan den téacs agus na leasuithe go léir curtha i bhfeidhm air.

Ta leagan PDF de na nótaí le fáil anseo.

Mná Míleata na hÉireann

Ba sa bhliain 1980 a tugadh cead do mhná dul isteach sna Fórsaí Cosanta, agus bunaíodh cór speisialta chuige sin. Chuaigh an chéad cheathrar isteach i gCór Seirbhíse na mBan nár mhair i bhfad ar an 10 Márta 1980.1  Cuireadh deireadh leis an gCór ar an 29 Deireadh Fómhair an bhliain chéanna. Ba é an polasaí a bhí ann go dtí sin gan ligean do mhná ról comhraic a bheith acu. Bhí an-chuid brú ann ó mhná laistigh de na Fórsaí Cosanta agus freisin ó lasmuigh díobh, rannpháirteachas iomlán a cheadú.2 Inniu, bíonn saighdiúirí mná rannpháirteach i ngach gníomhaíocht de chuid na bhFórsaí Cosanta (nó Óglaigh na hÉireann).

     ‘Tá poist de gach cineál oscailte do na mná anois,’ a deir an Captaen Pat O’Connor. ‘Tá naoscairí, píolótaí, meicneoirí agus liosta eile le háireamh ar mná iad ag obair san arm.’3 Tá líon na mban in Óglaigh na hÉireann ag ardú seasta.4 Le cúig bliana déag anuas, tá an céatadán ardaithe ó 4% go 7.2%. Tá sin níos ísle ná an meán i bhfórsaí cosanta i bhformhór de na tíortha in Iarthar na hEorpa,5 a deir an tUasal O’Connor, ach tá sé difriúil in Éirinn mar gur féidir le mná cur isteach ar ról nó post ar bith, agus ní tharlaíonn sé sin i ngach tír.6 ‘Níl rud ar bith ann a dhéanann na fir nach féidir leis na mná a dhéanamh chomh maith céanna,’7 a deir Pat O’Connor. Áfach, tá tráchtairí ann a deir go bhfuil an céatadán 7.2% fós íseal.8 Tá a lán oibre le déanamh fós.

Tráchtaireacht

1. Chuaigh an chéad cheathrar isteach i gCór Seirbhíse na mBan nár mhair i bhfad ar an 10 Márta 1980.

D’fhéadfaí a thuiscint as sin gurbh iad na mná nár mhair i bhfad, seachas an Cór. Tá lorg an Bhéarla go láidir air: the short-lived Women’s’ Corps. B'fhearr dhá abairt a dhéanamh di agus an t-eolas faoin tréimhse ama a bheith sa dara habairt.

Chuaigh an chéad cheathrar isteach i gCór Seirbhíse na mBan ar an 10 Márta 1980. Ní raibh sé i ndán don Chór sin maireachtáil i bhfad eile, áfach.

2. Bhí an-chuid brú ann ó mhná laistigh de na Fórsaí Cosanta agus freisin ó lasmuigh díobh, rannpháirteachas iomlán a cheadú.

 Ní léir cé acu lasmuigh de na mnálasmuigh de na Fórsaí Cosanta a bhí an dara dream ban a luaitear san abairt. Tá freisin ó lasmuigh an-ait. Is gnách freisin a chur i ndeireadh na faisnéise in abairt shimplí mar seo: Bhí scoth an bhia ann, agus fíon deas freisin. B’ait leat Bhí scoth an bhia ann agus freisin fíon deas.

 Bhí an-chuid brú ann ó mhná laistigh de na Fórsaí Cosanta, agus ó mhná eile freisin, rannpháirteachas iomlán a cheadú.

3. Tá naoscairí, píolótaí, meicneoirí agus liosta eile le háireamh ar mná iad ag obair san arm.

Nath seanbhunaithe is ea is liosta le háireamh é ach b'ait leat is liosta eile le háireamh é. Tá an coibhneas indíreach (ar mná iad) beagán casta nuair a thiocfadh eagar i bhfad níos simplí a bheith ar an abairt.

Is liosta le háireamh iad na poist a bhfuil mná ag gabháil dóibh san arm, idir naoscairí, phíolótaí, mheicneoirí agus eile. 

4. Tá líon na mban in Óglaigh na hÉireann ag ardú seasta.

Bheadh faitíos orm a rá go bhfuil an abairt thuas iomlán mícheart, ach ó tharla go bhfuil gníomh i gceist (ag ardú), b’fhearr a shoiléiriú gur frása dobhriathartha atá ann: ag ardú go seasta.

Bealach eile chuige ná seasta a úsáid mar aidiacht: tá ardú seasta ar líon na mban.

5. Tá sin níos ísle ná an meán i bhfórsaí cosanta i bhformhór de na tíortha in Iarthar na hEorpa...

Níl aon mhíchruinneas gramadaí san abairt thuas, ach b’fhurasta leagan níos gonta a chur ar fáil agus an t-athrá ar an réamhfhocal i a sheachaint: Tá sin níos ísle ná an meán i bhfórsaí cosanta fhormhór na dtíortha in Iarthar na hEorpa...

6. Tá sin níos ísle ná an meán i bhfórsaí cosanta i bhformhór de na tíortha in Iarthar na hEorpa, a deir an tUasal O’Connor, ach tá sé difriúil in Éirinn mar gur féidir le mná cur isteach ar ról nó post ar bith, agus ní tharlaíonn sé sin i ngach tír.

Is iomaí locht ar an abairt seo sa bhreis ar na pointí atá pléite faoi nóta 5 thuas.

  • Tá iarracht den spladhsáil camóige le brath ar an gcuid seo den abairt ...a deir an tUasal O’Connor, ach tá sé difriúil...  B’fhearr abairt nua a thosú seachas an dá chlásal a chónascadh le ach.
  • Tá an locht céanna ar an gcónasc agus i gclásal deireanach na habairte: agus ní tharlaíonn sé sin i ngach tír.
  • Dá mbeifí chun abairt nua a scríobh, is amhlaidh a thosódh sí le ‘Tá sé difriúil in Éirinn...’ Teastaíonn bealach éigin chun a chomharthú gur cuid cainte an Uasail O’Connor atá á dtuairisciú i gcónaí.
  • Seans nár mhiste an réamhfhocal a athrá sa chuid seo den abairt: ar ról nó post ar bith. Is gnách an réamhfhocal a athrá nuair nach bhfuil ann ach dhá rud i gceist.
  • B’ait leat an briathar tarlaigh i ndeireadh na habairte. Ní tharlaíonn rud ar bith; níl ann ach gur ceadmhach do mhná cur isteach ar phoist áirithe.

Is mar seo a bheadh an sliocht tar éis é a athscríobh:

Tá sin níos ísle ná an meán i bhfórsaí cosanta fhormhór na dtíortha in Iarthar na hEorpa, a deir an tUasal O’Connor. Tá an méid seo de dhifear ann i gcás na hÉireann, dar leis: gur féidir le mná cur isteach ar ról nó ar phost ar bith, rud nach bhfuil ceadaithe ina lán tíortha eile.

7. Níl rud ar bith ann a dhéanann na fir nach féidir leis na mná a dhéanamh chomh maith céanna...

Tá débhríocht san abairt seo. Ní léir cén bhrí atá i dtreis:

  1. Níl rud ar bith a dhéanann na fir nach bhfuil cead ag mná é a dhéanamh freisin.
  2. Níl rud ar bith a dhéanann na fir nach bhfuil ar chumas na mban é a dhéanamh ar aon chaighdeán feabhais.

Níl aon ní míloighciúil ag baint le ceachtar den dá ráiteas ach, i bhfianaise an méid atá ráite sna habairtí roimhe, is dócha gur 1 atá i gceist.

8. Áfach, tá tráchtairí ann a deir go bhfuil an céatadán 7.2% fós íseal. Níor cheart abairt a thosú le áfach. Féach an iontráil ÁFACH sa bhunachar Cruinneas.

Athleagan

Ag seo athleagan den téacs agus na leasuithe atá luaite sna nótaí tráchta curtha i bhfeidhm air.

Mná Míleata na hÉireann

Ba sa bhliain 1980 a tugadh cead do mhná dul isteach sna Fórsaí Cosanta, agus bunaíodh cór speisialta chuige sin. Chuaigh an chéad cheathrar isteach i gCór Seirbhíse na mBan ar an 10 Márta 1980. Ní raibh sé i ndán don Chór sin maireachtáil i bhfad eile, áfach. Cuireadh deireadh leis an gCór ar an 29 Deireadh Fómhair an bhliain chéanna. Ba é an polasaí a bhí ann go dtí sin gan ligean do mhná ról comhraic a bheith acu. Bhí an-chuid brú ann ó mhná laistigh de na Fórsaí Cosanta, agus ó mhná eile freisin, rannpháirteachas iomlán a cheadú. Inniu, bíonn saighdiúirí mná rannpháirteach i ngach gníomhaíocht de chuid na bhFórsaí Cosanta (nó Óglaigh na hÉireann).

     ‘Tá poist de gach cineál oscailte do na mná anois,’ a deir an Captaen Pat O’Connor. ‘Is liosta le háireamh iad na poist a bhfuil mná ag gabháil dóibh san arm, idir naoscairí, phíolótaí, mheicneoirí agus eile.’ Tá ardú seasta ar líon na mban in Óglaigh na hÉireann. Le cúig bliana déag anuas, tá an céatadán ardaithe ó 4% go 7.2%. Tá sin níos ísle ná an meán i bhfórsaí cosanta fhormhór na dtíortha in Iarthar na hEorpa, a deir an tUasal O’Connor. Tá an méid seo de dhifear ann i gcás na hÉireann, dar leis: gur féidir le mná cur isteach ar ról nó ar phost ar bith, rud nach bhfuil ceadaithe ina lán tíortha eile. ‘Níl rud ar bith ann a dhéanann na fir nach féidir leis na mná a dhéanamh freisin,’ a deir Pat O’Connor. Bíodh sin mar atá, tá tráchtairí ann a deir go bhfuil an céatadán 7.2% fós íseal. Tá a lán oibre le déanamh fós.

Roinn an Post seo: