Nótaí ar chleachtadh eagarthóireachta 5

I measc na n-ábhar sna nótaí seo tá:

  • Tráchtaireacht faoi na leasuithe atá le déanamh ar an téacs.
  • Athleagan den téacs agus na leasuithe go léir curtha i bhfeidhm air.

Tá leagan PDF de na nótaí seo le fáil anseo.

Tá áthas ar Aer Lingus fáilte a chur romhat ar bord. 

Tá foireann an chábáin anseo le cinntiú1 go mbainfidh tú taithneamh2 as do thuras. Mar sin de, ná bíodh leiscort cabhair a iarraidh orthu. Ar mhaithe le do chompord agus do shábháilteacht, iarrann muid4 ort aird a thabhairt ar an bhfoireann ag tús na heitilte agus iad ag taispeáint conas a n-úsáidtear5 an fearas slándála. Iarrtar ort an cárta threoracha6 slándála atá i bpóca an tsuíocháin ós7 do chomhair a léamh leis.

Sábháilteacht
Is féidir le fearas leictreonach in-iompartha8 cur isteach ar threalamh an eitleáin, rud a d’fhéadfadh a bheith contúirteach. ‘Sé9 príomhchúram Aer Lingus ná sábháilteacht ár gcuid paisnéirí10 agus, dá bharr sin, iarrtar ort aird a bheith agat ar an eolas sa mír11 seo a leanas:

  • Caithfear teileafóin phóca a mhúchadh nuair a dhruidtear doirse an eitleáin nó ar ordú duine den bhfoireann.12
  • Is ceadmhach leas a bhaint as gléasanna a bhfuil cadhnraí mar fhoinse cumhachta13acu, m.sh. uaireadóir leictreonach, áis éisteachta digiteach.14
  • Ní cheadaítear d’éinne15tobac a chaitheamh in aon chuid den eitleán roimh, le linn nó tar éis na heitilte.

Seirbhísí bia agus dí
Bíonn rogha leathan bia agus dí le fáil ar sheirbhísí Aer Lingus ar fud na Ríochta Aontaithe agus na hEorpa – bia d’fheoilshéantóirí16 san áireamh. Ní mór íoc as deochanna de chuile17 chineál sna seirbhísí sin. Ní mór íoc as deochanna meisciúla inár gcuid seirbhísí tras-Atlantacha18 freisin, ach cuirtear deochanna neamh-mheisciúla ar fáil gan costas.19 Tá eolas ar chúl na hirise seo faoi na béilte20 agus na deochanna is féidir a cheannach.

Tráchtaireacht
1. le cinntiú… Is amhlaidh atá cuspóir ag an mbriathar cinntigh, i.e. go mbainfidh daoine taitneamh as an turas. Sin é an rud atá le cinntiú. Mar sin de, is lena chinntiú ba cheart a scríobh. Féach na samplaí seo ó www.focloir.ie:

2. taithneamh... Is leagan malartach é sin den ainmfhocal TAITNEAMH.

3. leisc... Is leagan malartach é sin den ainmfhocal LEISCE.

4. Tá an fhoirm scartha iarrann muid inghlactha de réir an CO. Is le Gaeilge Uladh is mó a shamhlaítear foirmeacha scartha den chineál seo. B’áit leat a leithéid a bheith le fáil i dtéacs nach bhfuil rian ar bith eile den Ultachas air. Go deimhin, is leaganacha malartacha de chuid na Mumhan atá i leithéidí taithneamh.

5. conas a n-úsáidtear... Coibhneas díreach a leanann conas i gcónaí: conas a úsáidtear.

6. cárta threoracha slándála... Is é atá le déanamh anseo ná cárta a chur leis an bpéire ainmfhocal treoracha slándála. Is minic a bhíonn séimhiú lochtach ag scríbhneoirí Gaeilge ina leithéid seo de chás, i.e. séimhíonn siad túslitir an phéire ainmfhocal fiú nuair is ainmfhocail éiginnte iad. Is cosúil go ndéanann siad sin faoi thionchar leithéidí teach mhuintir Ghráinneballaí chathair Dhoire. Ach féach gur ainmfhocail chinnte iad Gráinne agus Doire.

7. ós do chomhair... Os ba cheart a scríobh. Féach an iontráil OS NÓ ÓS sa bhunachar Cruinneas. 

8. fearas leictreonach in-iompartha... Níl feidhm le fleiscín idir an mhír in- agus an focal iompartha: iniompartha.

9. ‘Sé príomhchúram Aer Lingus... Ba cheart an chopail a scríobh amach go hiomlán: Is é...

10. paisnéirí... Paisinéirí an litriú ceart.

11. De réir an CO (1.4.1), is séimhiú a leanann den, don agus sa i gcónaí. Más amhlaidh atá, is sa mhír ba cheart a bheith ann. Bhí urú ceadaithe sa Chaighdeán Oifigiúil Athbhreithnithe a foilsíodh in 2012, ach chuathas siar air sin in eagráin eile.

12. den bhfoireann... Féach nóta 11 thuas. Is é ba cheart a scríobh: den fhoireann.

13. mar fhoinse cumhachta... B’fhearr go mór foinse chumhachta a scríobh, ó tharla gur ainmfhocal baininscneach é foinse. Bheadh an leagan neamhshéimhithe ceart de réir an Chaighdeáin Oifigiúil Athbhreithnithe a foilsíodh in 2012. Bhí trácht san fhoilseachán sin ar choincheap casta ar ar tugadh ‘ginideach comhbhainte’.

Úsáideadh foinse solais mar shampla den chomhbhaint seo. Bhíothas ag maíomh go bhfuil an fhoinse ann chun solas a chur ar fáil. Ní hé go raibh an fhoinse ‘déanta de sholas’ ar bhealach ar bith. Dá bhrí sin, ní bheadh séimhiú ann mar a bhíonn i gcás samplaí mar bileog pháipéir, culaith chadáis srl.

Córas a bhí ann a chuir iallach ar úsáideoirí breithiúnas caolchúiseach a dhéanamh faoi fheidhm na bhfocal i bpéirí ainmfhocal. Níl iomrá ar bith air in eagráin den CO a foilsíodh ó shin.

14. Áis éisteachta dhigiteach ba cheart a scríobh. Focal baininscneach é áis agus séimhíonn sé aidiacht ar bith atá inséimhithe, fiú má tá aidiacht lom eatarthu.

15. éinne... Is leagan malartach é sin de AON DUINE.

16. d’fheoilshéantóirí... Is é d’fheoilséantóirí ba cheart a scríobh. Ní shéimhítear, de ghnáth, idir na míreanna i gcomhfhocail, áit a dtagann DNTLS le chéile, m.sh. spotsolas, cúldoras.

17. chuile... Is leagan malartacha é sin de GACH UILE.

18. seirbhísí tras-Atlantacha... Is é trasatlantacha ba cheart a scríobh.

19. gan costas... Níl aon chúis nach mbeadh séimhiú ar an ainmfhocal: gan chostas.

20. béilte... Iolra malartach an ainmfhocail béile. Is é béilí an t-iolra caighdeánach.

Athleagan

Seo thíos leagan den téacs agus na leasuithe go léir curtha i bhfeidhm air.

Tá áthas ar Aer Lingus fáilte a chur romhat ar bord. 

Tá foireann an chábáin anseo lena chinntiú go mbainfidh tú taitneamh as do thuras. Mar sin de, ná bíodh leisce ort cabhair a iarraidh orthu. Ar mhaithe le do chompord agus do shábháilteacht, iarraimid ort aird a thabhairt ar an bhfoireann ag tús na heitilte agus iad ag taispeáint conas a úsáidtear an fearas slándála. Iarrtar ort an cárta treoracha slándála atá i bpóca an tsuíocháin os do chomhair a léamh leis.

Sábháilteacht
Is féidir le fearas leictreonach iniompartha cur isteach ar threalamh an eitleáin, rud a d’fhéadfadh a bheith contúirteach. Is é príomhchúram Aer Lingus ná sábháilteacht ár gcuid paisinéirí agus, dá bharr sin, iarrtar ort aird a bheith agat ar an eolas sa mhír seo a leanas:

  • Caithfear teileafóin phóca a mhúchadh nuair a dhruidtear doirse an eitleáin nó ar ordú duine den fhoireann.
  • Is ceadmhach leas a bhaint as gléasanna a bhfuil cadhnraí mar fhoinse chumhachta acu, m.sh. uaireadóir leictreonach, áis éisteachta dhigiteach.
  • Ní cheadaítear d’aon duine tobac a chaitheamh in aon chuid den eitleán roimh, le linn nó tar éis na heitilte.

Seirbhísí bia agus dí
Bíonn rogha leathan bia agus dí le fáil ar sheirbhísí Aer Lingus ar fud na Ríochta Aontaithe agus na hEorpa – bia d’fheoilséantóirí san áireamh. Ní mór íoc as deochanna de gach uile chineál sna seirbhísí sin. Ní mór íoc as deochanna meisciúla inár gcuid seirbhísí tras-atlantacha freisin, ach cuirtear deochanna neamh-mheisciúla ar fáil gan chostas. Tá eolas ar chúl na hirise seo faoi na béilí agus na deochanna is féidir a cheannach.

Roinn an Post seo: