Nótaí ar chleachtadh eagarthóireachta 3

I measc na n-ábhar sna nótaí seo tá:

  • Tráchtaireacht faoi na leasuithe atá le déanamh ar an téacs.
  • Tuilleadh plé ar cheisteanna a thagann aníos sa téacs in Pointí plé.
  • Athleagan den téacs agus na leasuithe go léir curtha i bhfeidhm air.

Tá leagan PDF de na nótaí seo le fáil anseo.

Antoni Gaudí

Barcelona, 7 Meitheamh, 1926. Seanóir ag siúl go haonrach,1 gan chosúlacht2 ar bith air go raibh ceann scríbe ar a intinn aige ach é ar fhiarlaoid3 idir na tithe móra agus na siopaí faiseanta. Ag cúinne sráide, thug sé céim síos ón gcosán gan aird aige ar thrácht an bhealaigh mhóir. Níor airigh sé an tram go raibh sé sa mhullach air. Buille uafásach. Buille mharfach,4 go deimhin, bíodh is nár éag an seanduine ar an toirt.

    Chruinnigh na daoine thart air. Cuartaíodh5 pócaí a chasóige ag iarraidh cáipéis éigin a bhéarfadh6 fios a ainme7 do lucht an otharchairr ar ball. Deamhan8 cáipéis! Arbh fhéidir gur strainséir é – fámaire ó Pháras nó turasóir ó Mhaidrid? Ní go cionn9 trí lá níos déanaí, i ndiaidh an duine ghortaithe10 bás a fháil, a tuigeadh fírinne an scéil: bhí Antoni Gaudí, ailtire, dearthóir, ceannródaí, ar shlí na fírinne agus é in aois a cheathrú bliain is trí fhichid.11

    Ní raibh moill ar a chóchathróirí12 a aithint go raibh laoch ar lár. A fhianaise sin an t-iomad13 daoine a lean an chónra go dtí an Aifreann14 éagnairce in eaglais La Sagrada Família, mar ar chaith Gaudí a dhua agus a dhúthracht uile ón mbliain 1914 i leith.

    Fear a bhí ann arbh fhurasta dó ollshaibhreas15 a charnadh, dá mbeadh a fhonn sin air. Cá raibh an t-ailtire ba mhó cáil ná é i measc sármháistirí na linne?16 Is amhlaidh gur17 shocraigh sé cromadh ar thógáil na heaglaise in ionad na gcoimisiún brabúsacha18 a bhí á dtairiscint ag baincéirí agus ceannaí19 na cathrach. Ba é a mhórmhian príomhchathair a dhéanamh de Barcelona agus teanga na Catalóine a chur i réim in20 athuair. B’ionann rún dá chuid carad21 go léir, beagnach, agus ní bhíodh leisc22 orthu an dearcadh náisiúnach sin a fhógairt don saol mór.

       Ba é an imní a bhí ar lucht aitheantas23 Gaudí, i mblianta deiridh a shaoil, ná go raibh sé imithe rófhada le hídéalachas24 agus le crábhadh. Ní gar a shéanadh25 go mbíodh cuma ghioblach air ná go gcuireadh sé a cholainn féin faoi bhrú uafásach oibre.

Tráchtaireacht

  1. go haonrach... Is leagan malartach den fhocal AONARACH é sin.  
  2. gan cosúlacht ar bith... Ní shéimhítear an t-ainmfhocal i ndiaidh ganmás amhlaidh atá sé cáilithe: duine gan chiall ach duine gan ciall dá laghad. Féach GGBC: 4.9.
  3. ar fhiarlaoid... Níl feidhm le séimhiú. Ar fiarlaoidba cheart a scríobh, ar aon dul le ar muir ar cíos. Is leagan caighdeánach atá in FIARLAOID; ní gá athleagan mar ar fálróid a chur ina áit.
  4. buille mharfach... Is é buille marfach a theastaíonn, ó tharla buillea bheith firinscneach. Ní i gcónaí a thugtar slán an difear idir buille agus buile, atá ina ainmfhocal baininscneach. Féach an iontráil AR BUILE/AR BHUILLE sa bhunachar Cruinneas.
  5. Cuartaíodh...Leagan malartach de CUARDAIGH is ea cuartaigh. Dá bhrí sin, is ‘cuardaíodh’ ba cheart a bheith ann.
  6. a bhéarfadh... Is é a thabharfadh a theastaíonn i dtéacs caighdeánach.
  7. fios a ainme...Ainmfhocal firinscneach den cheathrú díochlaonadh is ea AINM de réir FGB: fios a ainm.
  8. Deamhan cáipéis! Is gnách DEAMHANa shéimhiú nuair is é an chiall atá leis faic nó ceann ar bith. Ní infhilltear an t-ainmfhocal ina dhiaidh sa chás sin: ‘Á, dheamhan fear sna Rosa, ina Ghael nó ina Ghall é,’ arsa Mósaí, ‘nach mbuailfinnse.’ Séamus Mac Grianna, Micheál Ruadh: 26.
  9. go cionn... Is é GO CEANN an leagan caighdeánach.
  10. i ndiaidh an duine ghortaithe bás a fháil. Níl feidhm ginidigh le i ndiaidhsan abairt seo. Is é ba cheart a scríobh, i ndiaidh an duine gortaithe bás a fháili ndiaidh don duine gortaithe bás a fháil.
  11. in aois a cheathrú bliain is trí fhichid... Is cosúil gur in his sixty-fourth yeara bhí ar intinn an údair ach ní orduimhir (ceathrú, cúigiú...) a úsáidtear sa struchtúr Gaeilge, ach bunuimhir (ceithre, cúig...). Is é a theastaíonn, mar sin, ná in aois a cheithre bliana is trí fichid. Tá leagan iolra faoi leith den fhocal FICHE ann a úsáidtear le bunuimhreacha: trí fichid, ceithre fichid srl. Ní shéimhítear an focal.
  12. a chóchathróirí... Ní úsáidtear an réimír có(i)– ach i gcomhfhocail áirithe, ina dtosaíonn an dara mír le mn, mar shampla cómhargadh, cóimhéid, cónascadh, cóneartú. An leagan simplí a chomhchathróirí ba cheart a scríobh anseo.
  13. an t-iomad daoine...Ó tharla iomad a bheith cosúil le focail fhirinscneacha mar ionad, shílfeá gur cheart an réamhlitir t a chur leis i ndiaidh an ailt. Ach ní luaitear inscne ar bith le IOMAD. Is é ‘an iomad daoine’ ba cheart a scríobh. Mar an gcéanna i gcás an iliomad daoine.
  14. go dtí an Aifreann... Corruair, fágtar an réamhlitir t ar lár ar an tuiscint go bhfuil Aifreann sa tuiseal tabharthach. Tharla nach réamhfhocal atá in go dtí ar chor ar bith, ach leagan den bhriathar TAR sa mhodh fhoshuiteach láithreach. Níl cúis ar bith, mar sin, nach scríobhfaí go dtí an tAifreann. Ba chóir a lua go n-úsáidtear go dtí díreach ar nós gnáth-réamhfhocail i gcanúintí. Féach an iontráil GO DTÍ sa bhunachar Cruinneas.
  15. ollshaibhreas... Ní gnách séimhiú a bheith ann áit a dtagann DNTLS le chéile i gcomhfhocal: cúldoras, spotsolas, ollsaibhreas.
  16. i measc sármháistrí na linne... Is é ba cheart a scríobh, i measc shármháistrí na linne ar nós i gcoinne Bhunreacht na hÉireanni measc mhuintir na háite. Féach GGBC: 417.
  17. Is amhlaidh gur shocraigh sé... Féach an nóta seo in GGBC: ‘Foirm choibhneasta dhíreach a bhíonn ar lorg amhlaidh.’ (13.69) Dá bhrí sin, is é ba cheart a scríobh ná is amhlaidh a shocraigh sé.
  18. in ionad na gcoimisiún brabúsacha... Lagiolra is ea coimisiún agus ba cheart an aidiacht a bheith ar aon dul leis: in ionad na gcoimisiún brabúsach.

  19. ceannaí... Uimhir iolra an fhocail CEANNAÍ(merchant) a theastaíonn, i.e. ceannaithe. Is fíor gur mar a chéile a fhuaimnítear an dá fhocal i gcanúintí áirithe.
  20. in athuair...De réir coinbhinsiúin, is an athuair a scríobhtar. Rogha eile ná an t-alt a fhágáil ar lár agus athuair a scríobh.
  21. carad...Bíodh is go n-úsáidtear carad mar ghinideach iolra i roinnt frásaí seanbhunaithe (m.sh. Cogadh na gCarad) níl an úsáid sin forleathan. Bheifeá ag súil le cairde ina leithéid seo de théacs.
  22. leisc... Leagan malartach den fhocal LEISCE.
  23. lucht aitheantas Gaudí... Tá meascán d’ainmfhocail chinnte agus d’ainmfhocail éiginnte ansin. Seans go mbeadh amhras ar dhaoine faoi infhilleadh na n-ainmfhocal dá bharr sin. Ach is aonad céille atá in lucht aitheantais atá neamhspleách ar a bhfuil roimhe agus ina dhiaidh. Is é ba cheart a scríobh anseo.
  24. le hidéalachas... Mar seo a litrítear an focal: idéalachas.
  25. Ní gar a shéanadh... Seans go raibh an nath coitianta ní gá ar intinn an scríbhneora. Bíodh sin mar atá, is níl gar a shéanadh ba cheart a scríobh.

Pointí plé
Ach oiread le téacs ar bith, tá a lán focal sa sliocht seo a d’fhéadfaí a fhágáil ar lár. Ní hionann sin agus a rá gur botúin iad, áfach. A leithéid seo: ceann scríbe ar a intinn aige: Thiocfadh an a a bhaint gan dochar do bhrí na habairte, ach níl ar a intinn mícheart.

Bíonn claonadh ag daoine focail bhreise a chur leis an téacs. A leithéid seo: Níor airigh sé an tram go raibh sé sa mhullach air. Cuireann daoine go dtí leis sin: go dtí go raibh sé sa mhullach air. Tá an dá leagan chomh ceart lena chéile.

Athleagan

Seo thíos leagan den téacs agus na leasuithe go léir curtha i bhfeidhm air.

Antoni Gaudí


Barcelona, 7 Meitheamh, 1926. Seanóir ag siúl go haonarach, gan cosúlacht ar bith air go raibh ceann scríbe ar a intinn aige ach é ar fiarlaoid idir na tithe móra agus na siopaí faiseanta. Ag cúinne sráide, thug sé céim síos ón gcosán gan aird aige ar thrácht an bhealaigh mhóir. Níor airigh sé an tram go raibh sé sa mhullach air. Buille uafásach. Buille marfach, go deimhin, bíodh is nár éag an seanduine ar an toirt.

    Chruinnigh na daoine thart air. Cuardaíodh pócaí a chasóige ag iarraidh cáipéis éigin a thabharfadh fios a ainm do lucht an otharchairr ar ball. Dheamhan cáipéis! Arbh fhéidir gur strainséir é – fámaire ó Pháras nó turasóir ó Mhaidrid? Ní go ceann trí lá níos déanaí, i ndiaidh an duine gortaithe bás a fháil, a tuigeadh fírinne an scéil: bhí Antoni Gaudí, ailtire, dearthóir, ceannródaí, ar shlí na fírinne agus é in aois a cheithre bliana is trí fichid.

    Ní raibh moill ar a chomhchathróirí a aithint go raibh laoch ar lár. A fhianaise sin an iomad daoine a lean an chónra go dtí an tAifreann éagnairce in eaglais La Sagrada Família, mar ar chaith Gaudí a dhua agus a dhúthracht uile ón mbliain 1914 i leith.

    Fear a bhí ann arbh fhurasta dó ollsaibhreas a charnadh, dá mbeadh a fhonn sin air. Cá raibh an t-ailtire ba mhó cáil ná é i measc shármháistirí na linne? Is amhlaidh a shocraigh sé cromadh ar thógáil na heaglaise in ionad na gcoimisiún brabúsach a bhí á dtairiscint ag baincéirí agus ceannaithe na cathrach. Ba é a mhórmhian príomhchathair a dhéanamh de Barcelona agus teanga na Catalóine a chur i réim an athuair. B’ionann rún dá chuid cairde go léir, beagnach, agus ní bhíodh leisce orthu an dearcadh náisiúnach sin a fhógairt don saol mór.

       Ba é an imní a bhí ar lucht aitheantais Gaudí, i mblianta deiridh a shaoil, ná go raibh sé imithe rófhada le hidéalachas agus le crábhadh. Níl gar a shéanadh go mbíodh cuma ghioblach air ná go gcuireadh sé a cholainn féin faoi bhrú uafásach oibre.

 

 

Roinn an Post seo: