Tá leagan PDF de na nótaí seo le fáil anseo.

4.1 An briathar

Aidhm

Míniú ar na struchtúir fear atá ann agus tá sé ina fhear.

Treoracha

Níl tasc le déanamh sa mhír seo ach is féidir tuilleadh samplaí a lorg ó na foghlaimeoirí féin, m.sh. ‘Céard é sin?/Is buidéal uisce atá ann.’

4.2 Bain triail as

Aidhm

Cleachtadh ar na struchtúir fear atá ann agus tá sé ina fhear.

Treoracha

  • Leag síos teorainn ama a shíleann tú a bheith oiriúnach agus lig do na foghlaimeoirí a gcuid athleaganacha a scríobh.
  • Is féidir ligean dóibh a bheith ag obair ina mbeirteanna nó i ngrúpaí níos mó.
  • Pléigh na ceisteanna/ráitis. Ceartaigh mar is gá iad.
  • Thiocfadh tasc piareagarthóireachta a dhéanamh den tasc seo agus iarraidh ar na foghlaimeoirí obair a chéile a mheas agus a phlé.

Freagraí samplacha

  1. Is ceoltóirí mór le rá iad anois.

Athleagan: Is ceoltóirí mór le rá atá iontu anois Tá siad ina gceoltóirí mór le rá anois.

  1. Ní fadhb thromchúiseach níos mó í.

Athleagan: Ní fadhb thromchúiseach atá inti níos mó Níl sí ina fadhb thromchúiseach níos mó.

  1. Is nós thar a bheith folláin é.

Athleagan: Is nós thar a bheith folláin atá ann Tá sé ina nós thar a bheith folláin.

  1. Craoltóir cumasach is ea í.

Athleagan: Craoltóir cumasach atá inti Tá sí ina craoltóir cumasach.

  1. Nach aisteoirí amaitéaracha muid féin?

Athleagan: Nach aisteoirí amaitéaracha atá ionainn féin? Nach bhfuilimid féin inár n-aisteoirí amaitéaracha?

  1. Ní cath caillte fós é.

Athleagan: Ní cath caillte atá ann fós Níl sé ina chath caillte fós.

  1. Dar liom, is tubaiste amach is amach é.

Athleagan: Dar liom, is tubaiste amach is amach atá ann Dar liom, tá sé ina thubaiste amach is amach.

  1. Céim sa dlí? Nach cúrsa millteanach dúshlánach é?

Athleagan: Céim sa dlí? Nach cúrsa millteanach dúshlánach atá ann? Nach bhfuil sé ina chúrsa millteanach dúshlánach?

  1. Nach baill den pháirtí iad?

Athleagan: Nach baill den pháirtí atá iontu? Nach bhfuil siad ina mbaill den pháirtí?

  1. Is cur amú airgid agus ama é.

Athleagan: Is cur amú airgid agus ama atá ann Tá sé ina chur amú airgid agus ama.

4.3 An t-am atá le teacht

Aidhm

Léargas agus cleachtadh ar struchtúir chopaile san aimsir fháistineach.

Treoracha

  • Leag síos teorainn ama a shíleann tú a bheith oiriúnach agus lig do na foghlaimeoirí a gcuid aistriúchán a scríobh.
  • Is féidir ligean dóibh a bheith ag obair ina mbeirteanna nó i ngrúpaí níos mó.
  • Pléigh na haistriúcháin. Ceartaigh mar is gá iad.
  • Thiocfadh tasc piareagarthóireachta a dhéanamh den tasc seo agus iarraidh ar na foghlaimeoirí obair a chéile a mheas agus a phlé.

Freagraí

  1. It will be a hard game, for sure.

Aistriúchán: Beidh sé ina chluiche crua/dian, go cinnte Cluiche crua/dian a bheidh ann, go cinnte.

  1. I’m sure that she’ll be a capable Chairperson.

Aistriúchán: Tá mé cinnte go mbeidh sí ina Cathaoirleach cumasach Tá mé cinnte gur Cathaoirleach cumasach a bheidh inti.

  1. It will be a cold, wet day.

Aistriúchán: Beidh sé ina lá fuar fliuch Lá fuar fliuch a bheidh ann.

  1. It will be a good appointment.

Aistriúchán: Beidh sé ina cheapachán maith Ceapachán maith a bheidh ann.

  1. Housing will be a controversial question.

Aistriúchán: Beidh an tithíocht ina ceist chonspóideach Ceist chonspóideach a bheidh sa tithíocht.

  1. You won’t ever be a millionaire.

Aistriúchán: Ní bheidh tú i do mhilliúnaí choíche Ní milliúnaí a bheidh ionat choíche.

  1. They will be leaders in years to come.

Aistriúchán: Beidh siad ina gceannairí sna blianta amach romhainn Ceannairí a bheidh iontu sna blianta amach romhainn.

  1. It will be a major source of investment.

Aistriúchán: Beidh sé ina fhoinse mhór fostaíochta Foinse mhór fostaíochta a bheidh ann.

  1. It will not be a major cause of concern for the Government.

Aistriúchán: Ní bheidh sé ina chúis mhór imní don Rialtas Ní cúis mhór imní don Rialtas a bheidh ann.

  1. We shall be friends forever.

Aistriúchán: Beimid inár gcairde go deo Cairde a bheidh ionainn go deo.

4.4 An réamhfhocal ar

Aidhm

Léargas agus cleachtadh ar an struchtúr ar an duine is mó srl.

Treoracha

  • Léigh na nótaí agus déan cinnte de go dtuigeann na foghlaimeoirí an struchtúr. Is féidir tuilleadh samplaí a lorg uathu féin.
  • Leag síos teorainn ama a shíleann tú a bheith oiriúnach agus lig do na foghlaimeoirí a gcuid athleaganacha a scríobh.
  • Is féidir ligean dóibh a bheith ag obair ina mbeirteanna nó i ngrúpaí níos mó.
  • Pléigh na ceisteanna/ráitis. Ceartaigh mar is gá iad.
  • Thiocfadh tasc piareagarthóireachta a dhéanamh den tasc seo agus iarraidh ar na foghlaimeoirí obair a chéile a mheas agus a phlé.

Freagraí

  1. Tá sé ar an mbuidéal is costasaí ar an gclár fíona.
  2. Ar na mbannaí Éireannacha a tháinig chun cinn sna 1990í, bhí The Cranberries agus The Frames.
  3. Níl Muiris ar an imreoir is aclaí ar an bhfoireann.
  4. Tá sí ar an teanga is sine san Eoraip, de réir saineolaithe áirithe.
  5. Tá sí ar cheann de na teangacha is casta ar domhan, is cosúil.
  6. Cé a shíl an t-am sin go mbeadh Éire ar cheann de na tíortha is saibhre ar domhan?

 

Roinn an Post seo: