Tá leagan PDF den cheacht seo le fáil anseo. Tá nótaí ranga do mhúinteoirí, chomh maith le freagraí na ngníomhaíochtaí, le fáil anseo

4.1 An briathar

Cuirtear fainic ar fhoghlaimeoirí Gaeilge an chopail is agus an briathar a dhealú ó chéile. Níl aon bhotún níos measa ná Tá sé fear.

Mar sin féin, is féidir an briathar a úsáid le hainmfhocal mar fear má chuirtear réamhfhocal leis. Féach mar a úsáidtear an réamhfhocal i sna samplaí seo:

  1. Fear saibhir atá ann.
  2. Tá sé ina fhear saibhir anois.

Go deimhin, tá abairtí ar nós fear saibhir atá ann ar an struchtúr copaile is coitianta ar fad i gcanúintí áirithe, go háirithe i nGaeilge Thír Chonaill.

Tabhair faoi deara go gcaithfear inscne agus uimhir an ainmfhocail a chur san áireamh. Tá impleachtaí móra ag inscne agus ag uimhir maidir le:

  • an forainm réamhfhoclach (ionam, ionat)
  • claochlú tosaigh i ndiaidh na n-aidiachtaí sealbhacha (i mo, i do).
Struchtúr 1: forainm réamhfhoclach Struchtúr 2: I + aidiacht shealbhach
Foghlaimeoir atá ionam fós. Tá mé fós i m’fhoghlaimeoir.
Nach saineolaí atá ionat? Nach bhfuil tú i do shaineolaí?
Ní cluiche rómhaith a bhí ann. Ní raibh sé ina chluiche rómhaith.
Cathair álainn a bhí inti an t-am sin. Bhí sí ina cathair álainn an t-am sin.
Nach tosaitheoirí atá ionainn uile? Nach bhfuilimid uile inár dtosaitheoirí?
Cuimhnígí gur múinteoirí atá ionaibh. Cuimhnígí go bhfuil sibh in bhur múinteoirí.
Eiseamláir dúinn go léir atá iontu. Tá siad ina n-eiseamláir dúinn go léir.

Nod don eolach

Is féidir an dá struchtúr sa tábla thuas a mhalartú ar a chéile de ghnáth. Níl difear céille suntasach i gceist sna habairtí samplacha. Mar sin féin, tá comhthéacsanna ann ina mbeifeá ag súil le struchtúr ar leith, mar shampla:

Ceist: Cad é sin ar bharr an chnoic?

Freagra: Teach atá ann.

Ceist: ‘An Ghealach Ghorm.’ Céard é sin?

Freagra: Clár raidió atá ann.

Ní fhéadfaí Tá sé ina theachTá sé ina chlár raidió a rá sa chomhthéacs sin. Is é a theastaíonn ná sainmhíniú gonta ar an gcineál nó an aicme ruda atá ann. Tá an struchtúr X atá ann níos oiriúnaí don ghnó sin.

Seo pointe tábhachtach eile maidir leis an struchtúr X atá ann. Tabhair faoi deara an difear idir an dá abairt seo:

  1. Tá Cathaoirleach nua againn. Bean atá inti.
  2. D’fhreagair mé an guthán. Bean a bhí ann.

Is abairt aicme atá in abairt 1. Tá an abairt ag insint dúinn cén cineál duine atá sa Chathaoirleach nua (bean). Mar sin de, caithfear an forainm agus an t-ainmní a bheith de réir a chéile ó thaobh inscne de.

Dobhriathar is ea ann in abairt 2. Tá an nóta mínithe seo curtha leis in Foclóir Gaeilge–Béarla: there, in existence. Thiocfadh an abairt a aistriú mar seo: I answered the phone. It was a woman/there was a woman there. I mBéarla na hÉireann, déarfaí It was a woman that was in it. Ann a úsáidtear i gcónaí in abairtí den chineál sin, is cuma faoi inscne ná faoi uimhir an ainmfhocail:

  • An t-aisteoir is fearr liom? Is dócha gur Saoirse Ronan atá ann.
  • D’oscail mé an doras. Beirt pholaiteoirí a bhí ann.

4.2 Bain triail as

Úsáid na nótaí in 4.1 chun na habairtí 1–10 a athscríobh, de réir mar atá déanta sa sampla:

Sampla: Is peileadóir breá í, gan amhras.

Peileadóir breá atá inti, gan amhras. (Nó Tá sí ina peileadóir breá...)

  1. Is ceoltóirí mór le rá iad anois.
  2. Ní fadhb thromchúiseach níos mó í.
  3. Is nós thar a bheith folláin é.
  4. Craoltóir cumasach is ea í.
  5. Nach aisteoirí amaitéaracha muid féin?
  6. Ní cath caillte fós é.
  7. Dar liom, is tubaiste amach is amach é.
  8. Céim sa dlí? Nach cúrsa millteanach dúshlánach é?
  9. Nach baill den pháirtí iad?
  10. Is cur amú airgid agus ama é.

4.3 An t-am atá le teacht

Chonaiceamar go dtí seo gur minic a bhíonn rogha ann idir struchtúir chopaile éagsúla:

  1. Is ábhar mór imní é.
  2. Ábhar mór imní is ea é.
  3. Ábhar mór imní atá ann.
  4. Tá sé ina ábhar mór imní.

Tharla, áfach, nach bhfuil foirm fháistineach den chopail is sa Nua-Ghaeilge. Dá bhrí sin, caithfear úsáid a bhaint as na struchtúir 3 nó 4 chun trácht ar chúrsaí san am atá le teacht.

  • Beidh mé i mo mhúinteoir cáilithe i gceann bliana.
  • Scéal mór a bheidh ann ag muintir an bhaile.
  • Ní bheidh sibh in bhur mbainisteoirí choíche.
  • Ábhar magaidh a bheidh iontu feasta.

Cuir Gaeilge ar na habairtí 1–10.

  1. It will be a hard game, for sure.
  2. I’m sure that she’ll be a capable Chairperson.
  3. It will be a cold, wet day.
  4. It will be a good appointment.
  5. Housing will be a controversial question.
  6. You won’t ever be a millionaire.
  7. They will be leaders in years to come.
  8. It will be a major source of investment.
  9. It will not be a major cause of concern for the Government.
  10. We shall be friends forever.

4.4 An réamhfhocal ar

Tá gné chomparáideach sna habairtí ionannais thíos:

  • Is é an clár is mó lucht féachana sa tír é.
  • Ba mise an duine deireanach a chuaigh ar bord.

Is féidir leas a bhaint as an réamhfhocal ar leis an mbriathar chun an smaoineamh céanna a chur in iúl:

  • Tá sé ar an gclár is mó lucht féachana sa tír.
  • Bhí mise ar an duine deireanach a chuaigh ar bord.

Is minic a úsáidtear focail mar ‘ceann’ nó ‘duine’ in abairtí den chineál seo:

  • Bhí sé ar cheann de na foirgnimh ba chostasaí a tógadh riamh.
  • Tá sí ar dhuine de na healaíontóirí is clúití san Eoraip.

Is féidir an struchtúr céanna a úsáid sa chiall ‘i measc’ chomh maith:

  • Ar na daoine eile a bhí i láthair, bhí Uachtarán na hOllscoile agus Méara an bhaile.
  • Ar na comharthaí a bhaineann leis an ngalar, tá fiabhras agus tuirse.

Athscríobh na habairtí 1–6, de réir mar atá déanta sa sampla.

Sampla: Tá ganntanas tithe i measc na bhfadhbanna sóisialta is mó sa tír.

Tá ganntanas tithe ar cheann de na fadhbanna sóisialta is mó sa tír.

  1. Is é an buidéal is costasaí ar an gclár fíona é.
  2. I measc na mbannaí Éireannacha a tháinig chun cinn sna 1990í, bhí The Cranberries agus The Frames.
  3. Ní hé Muiris an t-imreoir is aclaí ar an bhfoireann.
  4. Is í an teanga is sine san Eoraip í, de réir saineolaithe áirithe.
  5. Is ceann de na teangacha is casta ar domhan í, is cosúil.
  6. Cé a shíl an t-am sin go mbeadh Éire i measc na dtíortha is saibhre ar domhan?
Roinn an Post seo: